Anam Cara Irish Writers Centre

Anam Cara / IWC Irish Language Bursary 2018 | Sparánacht Ionad Anam Cara / ÁSÉ

The Irish Writers Centre and Anam Cara Writer's & Artist's Retreat are delighted to partner together to offer two one-week residencies to Irish language writers. These bursaries, kindly supported by Foras na Gaeilge, include fully subsidised accommodation and meals, a daily stipend of €25 per day and a contribution towards travel costs.

The successful candidates can choose a time in 2018 for their week-long residency subject to availability at the Anam Cara retreat. 

Key objectives of the residency: 

Allowing the successful applicants time and space to write or develop work in Irish.

 

Eligibility:

This is an open call to writers resident in the island of Ireland with a proven track record and at least one book of prose or poetry in the Irish language which has been published by a recognised publisher.

 

How to Apply:
Applications are accepted by email only to opportunities@writerscentre.ie and must be labelled 'Anam Cara / IWC Bursaries' in the subject line. 

Please include:

  • A short bilingual cover letter (in English and Irish) including your personal details and statement of artistic intent, clearly and concisely outlining the project you would like to focus on during your time at Anam Cara.
  • An updated Curriculum Vitae (in either English or Irish, max. two A4 pages) including publications with ISBNs.
  • Clearly labelled samples of recent work (in Irish– up to three short samples of up to 300 words.) 
  • Any relevant information on your proposed project such as written excerpts, photos, research information, etc. (in either English or Irish)
  • Note: Please compile all relevant documentation into a single attachment in Word or pdf. Incorrect formatting will disqualify.

Application Deadline: 
Friday 30 March 2018 at 5pm. Late applications will be not be considered.


Criteria for selection:
  • Meeting the eligibility criteria
  • Quality and feasibility of the proposed ideas

Applications go before a selection committee made up of Irish Writers Centre and Anam Cara nominees. 

Successful applicants will be expected to assist in the promotion of their stay at Anam Cara and to produce written feedback of their experience for funding report purposes.

 

Past recipients of the residency include:

2017: Cathal Póirtéir
2016: Réaltán Ní Leannáin and Simon Ó Faoláin 

 

=========

Sparánachtaí do Scríbhneoirí Gaeilge in Ionad Anam Cara

Deis le seachtain a chaitheamh i dtearmann do scríbhneoirí ar leithinis Bhéarra.

Tá sparánacht ar fáil do bheirt scríbhneoirí Gaeilge seal seachtaine a chaitheamh i mbun oibre in Anam Cara, tearmann do scríbhneoirí agus ealaíontóirí atá lonnaithe ar leithinis Bhéarra in iarthar Chorcaí. Is mar chomhpháirtíocht idir Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus tearmann Anam Cara atá an deis iontach seo ar tairiscint, agus clúdófar costais iomlána lóistín agus béilí in Anam Cara. 

Beidh na scríbhneoirí a roghnófar in ann an tréimhse seachtaine a oirfidh dóibh féin agus don tearmann a shocrú. 

Cáilitheacht:

Beidh fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí atá lonnaithe ar oileán na hÉireann agus ar foilsíodh ar a laghad leabhar amháin próis nó filíochta leo as Gaeilge ag foilsitheoir aitheanta.


Iarratais:

Is ar ríomhphost amháin a ghlacfar le hiarratais agus iad le seoladh chuig opportunities@writerscentre.ie.

Ba chóir 'Anam Cara/IWC Bursaries' a bheith ar líne an ábhair.

Le seoladh:

- Litir ghairid dhátheangach (i nGaeilge agus i mBéarla) ina bhfuil do chuid sonraí pearsanta agus ráiteas gonta faoina bhfuil ar intinn agat mar shaothar ealaíne le linn an ama in Anam Cara.

- Curriculum Vitae atá chun dáta (i nGaeilge nó i mBéarla, dhá lch. A4 ar a mhéid) agus sonraí foilseachán agus ISBNs ann.

- Samplaí de do shaothar le tamall anuas agus iad marcáilte go soiléir (i nGaeilge, suas le trí shampla ar fad, agus uaslíon 300 focal iontu)

- Eolas eile a bhaineann leis an tionscadal: mar shampla, sleachta, grianghraif, nótaí taighde & rl (i nGaeilge nó i mBéarla)

- NÓTA: Bíodh na míreanna seo thuas cuimsithe in aon cheangaltán amháin, le do thoil.

Spriocdháta:

Is é 30 Marta 2018 ag 5pm an spriocdháta. Ní ghlacfar le haon iarratas ina dhiaidh sin.

Próiseas roghnúcháin:

Cuirfear na hiarratais faoi bhráid choiste roghnúcháin a bheidh ionadaíoch ar Bhord Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus ar Anam Cara.