Ceardlanna Ficsin Irish Writers Centre Dublin
Irish Writers Centre - Dublin, Ireland

Insint Scéil: Ceardlann Ficsin le Anna Heussaff & Réaltán Ní Leannáin

Regular price €30.00

Tosach: Dé Sathairn 9 Meitheamh 2018
Am: 10:30am-1:30pm
Fad:  3 hUaire
Costas: €40/€30 Comhaltaí 

Ceardlann leathlae ar theicnící ficsin do scríbhneoirí próis. Conas tús láidir, mealltach a chur le gearrscéal, úrscéal nó splancscéal; cén dóigh le carachtair a fhorbairt agus iad a léiriú trí chomhrá, gníomh nó tost; plé ar dhúshláin eile sa scríobh agus san athscríobh. Beidh cleachtaí scríbhneoireachta mar chuid den obair, mar aon le scrúdú ar shleachta próis den scoth. Fáilte roimh scríbhneoirí úra agus scríbhneoirí ar foilsíodh cuid éigin dá saothar. 

Tá an-iomrá ar úrscéalta Anna Heussaff: ina measc, Sárú, mistéir don aos óg (CIC 2017), agus Scáil an Phríosúin, úrscéal bleachtaireachta do léitheoirí fásta (CIC 2015). Is blagálaí agus gearrscéalaí í Réaltán  Leannáin. Is féidir roinnt dá cuid scríbhneoireachta a léamh ar a blag, turasailse.blogspot.ie

 Booking Terms and Conditions >>>


More from this collection