Book Launch: Gearóid Ó Clérigh

FREE

Wednesday 11 November 

6:30 pm

All are welcome to the launch of two titles by Gearóid Ó Clérigh published by Coiscéim.

Iarrachtaí is ea na haistí sa leabhar seo ar scéal na hÉireann a thuiscint. Is minic an t-údar i mbun bleachtaireachta liteartha, ag fiosrú fréamhacha agus forbairt na filíochta, ón Rathaileach go dtí an Ríordánach agus a lán idir eatarthu. Téann sé i ngleic leis an eagmháil chasta idir an Béarla, an Ghaeilge agus teangacha eile sa stair. Iniúchann sé dála na Gaeilge faoi láthair, chomh maith leis an gcruachás eacnamaíochta atá roimh an domhan.

Ní tráchtais thura acadúla atá scríofa aige, ach aistí beoga próis is filíochta, ag oscailt bealaí nua smaointeoireachta romhainn. Cé nach annamh ceisteanna lándáiríre faoi chaibidil aige, ní fada uaidh riamh an greann ina thrácht.

Is dúshlánach an fhoirm filíochta é an ‘soinéad Gaelach’ nó na ‘trí rann agus amhrán’. Éilíonn sé cruinneas agus beachtú, mar aon le príomhaíocht a bheith ag pé gné den smaoineamh is tábhachtaí in aigne an cheardaí i dtráth an chumtha. Ach ghlac Gearóid Ó Clérigh leis an dúshlán sin, agus tá soinéad is leathchéad óna pheann anseo, agus glac dánta eile ag cur leo.

Cé nach leasc leis mothúcháin a phlé, ní ghéilleann sé don tuairim gurb é an raon teoranta sin amháin is ábhar don fhilíocht. Is minic é ag tabhairt faoi chúrsaí an tsaoil i gcoitinne, mar sin, ag ionsaí ceisteanna móra mar is dual do thraidisiún na filíochta poiblí sa Ghaeilge leis na cianta. Ní shin le rá gur seanmóireacht thur atá ina chuid dánta, áfach, nó ní hannamh an greann is an gáire le háiféis an tsaoil le fáil tríothu.

I mBaile Átha Cliath a rugadh Gearóid Ó Clérigh tráthnóna Oíche Nollag 1930, agus d’éalaigh sé ó Nollaig a thabhairt mar ainm air. Tar éis achairáirithe aimsire ag fás in áiteanna éagsúla faoin tír, rinneadh abhcóide de agus céimí ollscoile. I 1955 glacadh isteach sa Roinn Gnóthaí Eachtracha é
agus d’fhan sé ann ar feadh dhá scór bliain, breis agus tríocha bliain acu thar lear. Scar sé leis an státseirbhís i 1996 agus tá sé ina chónaí in Éirinn arís ó shin. Tá sé tugtha do bheith ag scríobh, agus seo againn an séú leabhar óna pheann.

You might also like…