MÍCHEÁL Ó RUAIRC
Irish Writers Centre - Dublin, Ireland

Ceardlanna Ficsin le Mícheál Ó Ruairc

Regular price €100.00

Clúdóidh na ceardlanna na gnéithe seo de phrós-scríbhneoireacht na Gaeilge –  plota, stíl, comhrá éifeachtach, coimhlint, teannas, struchtúir, cruthú carachtair agus conas aird an léitheora a ghreamú. Clúdófar freisin na bealaí is fearr chun gearrscéalta, úrscéalta agus na genre éagsúla eile a ullmhú le haghaidh foilsitheoireachta. Déanfar margadh na scríbhneoireachta Gaeilge a phlé go mion agus na deiseanna atá ann do scríbhneoirí.

Tá clú agus cáil bainte amach ag rannpháirtithe ceardlainne de chuid Mícheál Ó Ruairc cheana féin – leabhair curtha i gcló agus duaiseanna buaite acu. Cuirfear fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothar curtha i gcló cheana acu agus roimh thosaitheoirí. 

Dé Máirt, 9 Feabhra 
6.30pm – 8.30pm
10 Seachtain  
€100

 

Booking Terms and Conditions >>>


More from this collection