Info

Date:
March 1, 2023

Time:
6.30-8.30pm

Location:
Irish Writers Centre

Cló Iar-Chonnacht publishers and Dr Pádraig Ó Liatháin cordially invite you to join us when Professor Emerita Máirín Nic Eoin will officially launch the new book by Seán Ó Ríordáin: Na Dialanna 1 and 2, 1940 in the Irish Writers Centre, 19 Parnell Square, Dublin 1, D01 E102 on Wednesday, 1 March 2023 at 6:30 p.m.

University College Dublin library bought Seán Ó Ríordáin’s papers in 1984. This collection included his diaries in which he kept regular entries from 1940 to the year of his death in 1977.

Ó Ríordáin’s diaries are one of the longest examples of continuous writing in either English or Irish in 20th-century Ireland. Although some diary entries have been published previously, it is important to publish this material in a more complete form to give an understanding of the scope of this major work.

The diaries give an insight into the mind of a prolific writer and reveal Ó Ríordáin as a witness to a tumultuous period of Irish and world history.

Dr Pádraig Ó Liatháin is an assistant professor at Fiontar & Scoil na Gaeilge, Dublin City University and his areas of study are Irish-language literature from the 17th century to the present day. He is a former editor of Eighteenth-Century Ireland: Iris an dá chultúr. Cló Iar-Chonnacht published his critical edition of the poem ‘Eachtra Ghiolla an Amaráin’ by Donncha Rua Mac Conmara in 2018. He is also a co-editor of the publications Ar an imeall i lár an domhain: Ag trasnú tairseacha staire, teanga agus litríochta (2021), Litríocht na Gaeilge ar fud an domhain I agus II (2016), and Ó Chleamairí Go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil (2021).

He is currently working on a major research project in transcribing and publishing the Seán Ó Ríordáin diaries. Seán Ó Ríordáin: Na Dialanna 1 & 2, 1940 is the first published volume arising from this fascinating project.

 

Sa bhliain 1984 cheannaigh Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, páipéir Sheáin Uí Ríordáin, ina measc a dhialann inar breacadh iontrálacha dialainne go rialta ó 1940 go dtí 1977, an bhliain ar cailleadh é.

Is i 49 cóipleabhar nó comhad atá na dialanna sin le fáil anois. Is é atá sna dialanna ná ceann de na samplaí is faide den scríbhneoireacht rialta, leanúnach dá bhfuil againn in Éirinn san fhichiú haois, i mBéarla nó i nGaeilge.

Cé go bhfuil iontrálacha ó chuid bheag de na dialanna i gcló cheana féin i, tá sé ríthábhachtach an t-ábhar seo a fhoilsiú ar bhonn níos iomláine le go bhfaigheadh pobal na Gaeilge tuiscint cheart ar an saothar mórthaibhseach seo, saothar a thugann éachtaint ar aigne scríbhneora bhisiúil, agus a nochtann Ó Ríordáin mar fhinné ar ré chorrach i stair na hÉireann
agus an domhain mhóir.

Is ollamh cúnta é an Dr Pádraig Ó Liatháin in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus is suim leis litríocht na Gaeilge ón 17ú haois go dtí an lá inniu. Iar-eagarthóir Gaeilge é ar Eighteenth Century Ireland: Iris an dá chultúr. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht a eagrán criticiúil den dán ‘Eachtra Ghiolla an Amaráin’ le Donncha Rua MacConmara sa bhliain 2018. Comheagarthóir é, leis, ar na leabhair Ar an imeall i lár an domhain: Ag trasnú tairseacha, staire, teanga agus litríochta (2021), Litríocht na Gaeilge ar fud an domhain I agus II (2016), agus Ó Chleamairí Go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil (2021).

Faoi láthair tá sé ag obair ar mhórthionscadal taighde . i. dialanna Sheáin Uí Ríordáin a thras-scríobh agus a chur i gcló, agus tá an chéad imleabhar Seán Ó Ríordáin: Na Dialanna 1 & 2,1940, foilsithe anois.



Upcoming Events