Info

Date:
March 1, 2023

Deadline:
March 22, 2023 at 5:00pm

Apply Here
Tá áthas ar Áras Scríbhneoirí na hÉireann a fhógairt go bhfuil sparánachtaí nua dá gcúrsaí ar fáil do scríbhneoirí Gaeilge, agus iad á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

The Irish Writers Centre is pleased to announce a new round of course bursary applications for Irish language writers, funded by Foras na Gaeilge.

Tá 8 sparánachtaí ar fáil sa bhabhta seo. Cuirfidh na sparánachtaí seo ar chumasscríbhneoirí a gcuid scileanna a fhorbairt agus iad ag freastal ar chúrsaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach ó Áras Scríbhneoirí na hÉireann. Cabhróidh fordheontas do na cúrsaí seo le daoine nach mbeadh ar a gcumas freastal orthu gan an maoiniú sin. Gheobhaidh scríbhneoirí creidmheas an chúrsa ar luach €165 le freastal ar chúrsa de chuid ÁSÉ.

Ag claoí le hAidhmeanna 2 agus 3 dár Straitéis, tá Áras Scríbhneoirí na hÉireann ag iarraidh deiseanna níos fearr a chur ar fáil do dhaoine as gach pobal le fáil amach faoi agus páirt a ghlacadh sa scríbhneoireacht chruthaitheach.

There are 8 bursaries on offer in this round. These will enable Irish language writers to develop their skills through funded places at Irish Writers Centre creative writing courses, and open up access to course entry by subsidising costs to individuals who may not otherwise be able to take a course.  Bursary recipients will receive course credit worth €165 towards a course at the IWC.

In keeping with Goals 2 and 3 of our 2022-2026 Strategy, the Irish Writers Centre seeks to enhance opportunities for people across all communities to explore and participate in creative writing.


Who is it for / Critéir Cháilitheachta agus Roghnaithe

Tá an scéim seo oscailte do scríbhneoirí atá ag scríobh i nGaeilge.

Déanfaidh painéal moltóireachta neamhspleách measúnú ar na hiarratais. Beidh na moltóirí ag iarraidh na sparánachtaí a bhronnadh ar réimse iarratasóirí ó chúlraí éagsúla a léiríonn go soiléir an tairbhe a bhainfeadh siad as an scéim.

Tugaimid spreagadh do dhaoine a bhfuil tearcionadaíocht acu i saol na litríochta in Éirinn iarratas a dhéanamh. Cuirimid fáilte ar leith roimh dhaoine gorma, dúchasaigh nó de chine daite (BIPOC), LADTAIÉ+ (LGBTQIA+), daoine den lucht siúil, daoine le míchumas agus scríbhneoirí den lucht oibre agus iad sin a mheasann go bhfuil siad sonraithe sna grúpaí atá luaite sa Ráiteas Éagsúlachta (EDI statement) ar ár suíomh. Cuirfear béim láidir ar eitneacht, cine agus stádas socheacnamaíoch an iarratasóra agus na hiarratais á meas againn.

This scheme is open to writers writing in the Irish language. Applications will be assessed by an independent judging panel, with judges seeking to award a diverse range of applicants who have clearly demonstrated how they would benefit from participation on this programme.

We encourage writers from backgrounds typically underrepresented in Irish literature to apply. We particularly encourage applications from Black, POC (person of colour), Traveller, Roma, LGBT+, disabled and working class writers, and those who consider themselves to be within the target groups described in the EDI statement on our website. The selection panel will actively consider ethnicity, race, gender, sexuality and socioeconomic status when evaluating the applications for bursaries.


How to Apply / Chun Iarratas a Dhéanamh

Glacfar le hiarratais ar an bhfoirm iarratais atá ar líne anseo roimh 5.00pm, Dé Céadaoin 22 Márta 2023. Má tá fadhb leis an nasc nó ceist faoin scéim cuir scéal chugainn ag projects@irishwriterscentre.ie

Níl ÁSÉ in ann aiseolas a thabhairt d’iarratasóirí nár éirigh leo sparánacht a fháil.

We ask that all applicants apply through our online application form by 5.00pm on Wednesday 22 March 2023. If you have any difficulties accessing this link or any questions about the programme please contact us at projects@writerscentre.ie

The IWC is not in a position to provide feedback to unsuccessful applicants.


About the IWC / Faoi Áras Scríbhneoirí na hÉireann

Is é Áras Scríbhneoirí na hÉireann an príomh-eagraíocht tacaíochta agus forbartha do scríbhneoirí in Éirinn ó 1991. Déantar an obair seo le daoine ar an láthair nó ar líne as gach cearn den tír. Oibríonn muid le scríbhneoirí den uile chineál agus ar gach leibhéal, ag spreagadh daoine as gach pobal le héirí gafa leis an scríbhneoireacht chruthaitheach. Tugann muid mórán slite agus dóigeanna dóibh le cur lena scileanna, lena spriocanna a ardú agus le bheith páirteach le daoine i bpobal bríomhar éagsúil a bhfuil an dúil agus na haidhmeanna céanna acu.

Is eagras ballraíochta sinn freisin a bhíonn de shíor ag lorg deiseanna úra do bhaill fás mar scríbhneoirí agus casadh le chéile trí imeachtaí agus tacaíochtaí Áras Scríbhneoirí na hÉireann.

As the leading support and development organisation for writers since 1991, the Irish Writers Centre carries out its work, online and in person, on an all island basis.  We work with writers of all types and talents, and actively encourage writers from all communities to engage in creative writing. We provide many ways and means for them to develop their skill, advance their ambitions and join a vibrant and diverse community of people who share their passion and purpose. We are also a membership organisation, always seeking new opportunities for members to grow as writers and to connect with each other through IWC programmes and supports.



Other Opportunities